Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean teamhpall leas-teas de'n bhóthair ar aghaidh an bhóithrín a tá ag dul go Droicead na Rúise ar a dtugtar Teamhpall na Naonbhar Naomh. Deirtear go dtugann na naonbhar Naomh cuaird ann ar ó am go chéile. Deirtear linn freisin, gurbh é Naomh Brenndhan a chuir an teamhpall ar bun go mór luáth sa seimheadh aois, ach pe fhíor nó breagach é, is cinnte go raibh baint ag an truir Naomh seo leanas leis, Naomh Seanán, Naomh Criodán agus Naomh Cuan.Deir na sean daoine go raibh na triúr Naomh seo na seasamh ar bharr na fhaille le h-ais Aill a tighe Mhór lá. Ghaibh bean cos-noctuighthe tar bhraghad agus leabhair Cuan mar leanas. "Nach deas na cosa ata fuithí". Tá peacadh deanta agat ar síad. Má tá arsa Cuan. Seaseóchad ar an lich sin thios agus nuair a líonfaidh an muir báthfar mé. Deirtear gur ardhuig an leach agus go ndeacadh sé amach ar bharr na dtonn timcheall Ceann Léime agus isteach go Coill Beatac. Chuir Cuan, Cillin beag ar bun tamall gairid ó'n Cuan áIt agus tá sé na Roilig riamh ó soin. Tá daoine ann adeir gur mar seo a tharla an eachtra seo thuas.Bhíonn triúr Naomh sa teampall luan airigte, agus dúbhairt duine de'n bheirt eile le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Dé Róiste
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Coinín, Co. an Chláir