Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 068

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Leathanach 068
  3. XML “Beatha Thomáisín Philib”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pilib ÓhAonghusa athair Thomáisín. Is i gCiarraidhe do rugadh é agus nuair a phós sé bhí sé ar leath-shúil acht ní fheacaidh a bhean aon nídh mar sin air gus phósadh iad. Tar éis phósta dóibh dubhairt sí "Tá tú caoch a Philib". Ar m'anam nach mise atá caoch, ar Pilib acht tusa atá caoch a phósadh.
    Do bhí aithne ar a bheirt mhac agam Tomáisín agus Pádraig agus is mó cleas a chualas do dhein Tomáisín; acht níor chualas aon nídh i dtaobh Pádraig acht aon oidhche amháin bhí sé ag imirt cártaidhe, bíodh macraéid mar gheall, agus is minic a bheireadh Pádraig mácraeid abhaile go dtí a mháthair, acht an oidhche seo ní dócha go raibh aon nídh buaidhte aige agus thárla cat marbh leis sa tslighe ag teacht abhaile dó, agus do rug leis isteach abhaile chun a mháthair é, agus dubhairt léi an corcán a ghlanadh go raibh rud éigin aige chun a chur ann. Do ghlach sí a chomhairle go cur amach agus nuair a fuair Pádraig a chaoí féin, chuir sé isteach an cat marbh sa chorcán, acht ar ball nuair a bhain a mháthair an clúdach de'n chorcán, is beag nar thuit sí marbh le méid an droch-bholaithe bhí as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Dé Róiste
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir