Scoil: Bennettschurch, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Gráig na nGabhar, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad, Bean Uí Dhíomasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bennettschurch, Baile Mhic Cairbre
- XML Leathanach 137
- XML “Ór i bhFolach”
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an buachaill leis chun an áit a theasbáint dó. Nuair a shrois siad an áit dhéin an feirmeoir poll mór ins an dtalamh. Fuair sé bosca agus bhí se lán d’ór. Bhí sé scríobhta ar an mbosca sin go raibh bosca eile ann. Fuair an feirmeoir an dá bhosca agus bhí siad lán d’ór. Bhí an fear saidhbhir ar feadh a shaoghail. Thug an fear cuid de’n ór do’n buachaill.
- Fadó bhí ór i bhfolach í sliabh í “Boolavonteen”. Na Danair a chuir ann é. Chuaidh a lán daoine ag lorg ar an ór acht theip ortha é a fhágail.
Lá amháin chuaidh beirt fhear go dtí an áit in-a raibh an t-ór. Thug siad sluasad agus rán leo agus thosnuigh siad ag obair go cruaidh. Bhí poll mór ins an dtalamh achu agus ní fada go bhfuair siad buicéad agus bhí sé lán d’ór.
Bhí an dorchadhas ann nuair a bhí an bheirt fhear ag dul abhaile. Chonnacadar sprid Danar. Bhí eagla ortha agus chuaidh siad abhaile go mear. Nuair a chuadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Corbháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 66
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Currach an tSeiscinn, Co. Phort Láirge