Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé an Inid an t-am is mó a phósann daoine ins an parróiste seo, go mor mhór ar Máirt na h-Inide.
Deirtear nach bhfuil an Luan agua an Aoine ná mí na Bealtaine ráthmhar chun pósta.
Bíonn an Inis ann ó lá Nodlag bheag go dtí Máirt na h-Inide.
Ins an parróiste seo tá sean nós acu idtaobh na h-Inide. Ar oidhche roimh Máirt na h0Inide má bhíonn aon fear óg sa pharróiste go bhfuil tigh nó feirm aige agus nach bhfuil sé le pósadh ar Máirt na h-Inide déantar bean-bréige agus cuirtear éadaighe agus hata uirrí. Crochtar an bean bréige sin agus tugtar "Cailleach" in aice tighe an fhir óig in áit mar a chídhfidh gach aoinne é chun a chur in iúl do'n bhfear gur ceart do pósadh. Bíonn fearg agus buile ar na fearaibh óga go minic agus bíonn siad in a staic mhagaidh ins an parróiste.