Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Leathanach 282
- XML “Petticoat Loose”
- XML “Petticoat Louise”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an céad uair riamh a chonnaic se an capall ag stad. "Ní h-aon iongantas do" ars an sprid, "mar tá tonna meadhchaint ins an láimh sí", ag teasbáint a láimh deas do, "ó bheith ag bualadh m'athar".
Bhí fhios ag an fear annsan gurb é an sprid a bhí ann agus strac sé leis é féin agus an capall go dtí gur thánadar go dtí gleanna a raibh uisce ann. Do sheasaigh sé amuigh i lár an uisce. Dubhairt an sprid annsan, "Níor láir duit, ní raghfá abhaile beo anocht". D'fhan sé annsan go dtí breacadh an lae go raibh an sprid imthighthe mar ní fuigheadh sí baint leis ins an uisce.Ruaidhrí Ó Riain. - Bhí Petticoat Louise ar an mbóthar idir Cloichín a' Mhargaidh agus Lios Mór ag an bealach in aice an locha.
Do mharbhuigh sí an-chuid daoine ó an go h-am & ní leigfeadh eagla d'aoinne gabháil an bóthar sa deireadh.
Tháinig sagart cun í a chur as an áit. Nuair a tháinig sí d'fiafruigh sé di cad a dhein sí an an tslighe a d'amnuigh í. Dubhairt sí leis go mbíodh sí ag bualadh a h-athar is a máthar.
Dubhairt an sagar nár dhamnuigh san í.
Dubhairt sí ann san go mbíodh sí ag cur uisce ins a mbainne a dhióladh sí leis na daoine bochta.
"Sin é a dhamuigh tusa" ars an sagart agus(leanann ar an chéad leathanach eile)