Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 296
- XML “Leigheaseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)34) Bualach úr bó do chur le nioscóidí chun iad a leigheas.35) Dá mbeadh craobh-abhar ar dhuine, fáinne óir do chimilt leis naoí maidne in dhiaidh a chéile ar chéadlachan.36) Nuair a ghearradh na sean-daoine a gcos nó a lámha 'sé an rud a chuirfidís leis ná an lus mór.37) Dá mbeadh gairt ag duine, dá bhfaghadh sé aidhneáin agus é a théigheadh leis an dteine go dí go mbeadh bog agus é a chimilt leó (?) agus leighisfí iad.38) Dá ngortóchadh capall a chos 'sé an rud is ceart é a ghlanadh leis ná uisge te agus salainn.39) Dá mbeadh créacht ana thinn ag duine agus dá mbeadh sreamh ag teacht amach as do tarraingeóchadh lus-mór go breágh é.40) Dá mbeadh créácht ana thinn ag duine agus dá mbeadh sreamh ag teacht amach as do tarraingeóchadh lus-mór go breágh é.41) Dá mbeadh gairt ag duine siubhal ar an ndrúcht agus d'imtheóchaidís.42) Chun gairt a leigheas an biolar a bhíonn ag fás in aice na h-abhann a bhailiúghadh agus é a chimeád go dtí go mbeadh sé tirm agus ansan iad a cur leis an dteine go mbeadh sé bog agus iad a chur leis na gairt.43) Dá mbeadh píosa turnap stopaithe i sgórnaig na bó bata d'fhághail agus é a chur 'na sheasamh istig 'na béal agus duine go mbeadh lámh beag aige, é a chur siar agus an thurnap a thabhairt amach.44) Dá mbeadh gadhar ag rith fiadhain, nuair a bheadh sé tuirseach traochta, thuitfeadh sé ar an dtalamh, ansan píosa dá cluas a ghearradh agus leogaint de'n fhuil teacht agus do leighisfí é.
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí