Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean de mhuinntir Mhurchadha na cómhnuidhe thall sa leach timcheall triocadh bliadhain ó shoin. Bhí sí breoidhte ar feadh abhfad agus ní eirigheadh sí aon lá.
Bhí baint éigin aici leis na púcaí. Ní chíorfadh sí a gruaig nó ní níghfeadh sí a h-aghaidh agus ní raibh ann dí sa leabaidh ach mar a bheadh sgáth.
Dá dtiocfadh aoinne chun í a fheiscint neosfadh sí dhóibh cár chaitheadar an oidhche aréir. Dá labharfaidís mar gheall ar sagart ba dhóbair go raghadh sí as a céill.
Do thárla oidhche amháin go raibh an sagart i dtig éigin sa chómharsanacht 'na raibh duine breoite ann. Cheapadar gur mhaith an rud é glaodhach air.
Chuireadar fios ar an sagart . Tháinig sé. Chuaidh sé síos sa seomra chúichi. Nuair a chonnaic sí é leog sí scread aiste. Bhí sé ag cainnt léi ar feadh abhfad agus fé dheire d'innis sí a peacaí do agus thug sé comaoine dhí agus chuir sé an ola dhéanach uirthi.
D'imthig an sagart leis. Ní raibh sé imthighthe ach cúig neomaití nó mar sin, nuair a iarr sí ortha a h-aghaidh a níghe agus a gruaig a chíoradh. Ní raibh sí ábalta ar a thuille a innsint dóibh, agus fuair sí bás in grásta Dé.
Tá a muinntir sin na gcómhnuidhe thall sa leac fós agus 'sé a driothár féin abhí ag innsint an scéal.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí