Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí stáisiún i dtigh i mBaile-Mhúirne in aimsir Eoghain Ruadh. Bhí na daoine go léir bailighthe isteach sa tig. Bhí an Sagart tagaithe.
Bhí an maidean fuar, fluich, gaothmhar. Bhí an sagart 'na shuidhe sa cúinne in aice na teine mar bhí sé fluich agus fuar mar bhí turas fada tabhartha aige ó na thig féin go tig an stáisiún mar is ar capaill a théigheadh na sagairt timpeall an uair sin.
Níorbh' fhada gur oscail an doras isteach ortha. Tháinig fear isteach. Níor aithin aoinne é. Bheannuig sé dóibh agus do bheannuighdear do.
Bhí sé 'na lipín baidhte. Shiubhal sé suas agus níor stad sé gur shuidh sé ar an dtaobh shuas d'en sagart sa chúinne. D'fhéach an sagart air go feargach. Bhí cruach móna thíos in aice an doruis.
Bhí éadaighe strachaithe ar an bfear agus cheap an sagart gur duine ana bhocht é. Dubhairt an sagart leis go raibh sé ana dhána agus dubhair sé leis dul síos agus suidhe ar an móin.
Níor chuaidh an fear síos. Labair an sagart leis airís. Níor chuir sé aon t-suím ann. Tháinig fear an tíghe cuige agus dubhairt leis dul síos agus suidhe ar an móin mar ná raibh a ndóithin aca agus go gtabharfadh sé féin muga tae dho ar ball.
D'imthigh an fear síos agus dhein sé an bhéarsa so:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Cuill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chorcaí