Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 340
- XML “An Fear Déirce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'innseadar do gur ith an gé an gráinne. Tháinig fearg air agus dubhairt sé "Is liom-sa an gé sin anois. B'éigin do mhuinntir an tíghe í a thabhairt do.
An trímhadh lá do chuaidh sé amach agus dubhairt sé leis féin go raibh sé saidhbhir. Do rug sé ar coinín 'na bheathaidh agus chuaidh sé isteach i dtig agus dubhairt sé leo gan leogaint d'aoinne an coinín a mharbhúghadh agus do imthigh sé leis. Ní raibh sé imthighthe ach timpeall ceathramhadh uair a cluig nuair a tháinig bó isteach agus shaitil sé ar an gcoinín agus mhairbh sé é. Nuair a tháinig sé thar-n-ais tháinig cailín gleoite amach agus d'innis sí dho gur mhairbh an bó an coinín.
Dubhairt sí léi "is liom-sa an bhó anois" agus b'éigin di í a thabhairt do. Nuair a shrois sé an baile d'ith sé an coinín. Ansan do chuimhnig sé ar an gcailín gleoidhte agus dubhairt sé leis féin go mba mhaith leis í a fhághail mar bhean-chéile agus do chuaidh sé thar-n-ais chun an tighe agus d'fhiafhruig sé dhi an bpósfadh sí é agus is amhlaidh abhí sí sin in grádh leis feadh na h-aimsire.
Do phósadar agus chuadar thar-n-ais chun an bhotháin agus fuaradar uibhe ó'n ngé agus ó'n gc... agus do dhíoladar iad agus thógadar ál sicíní. Ansan do thug an bó bainne dhóibh agus tar-éis tamaill do bhí gamhain aici agus an tar-éís tamaill do dhíol sé an bhó agus cheannuig sé acra talmhan agus chuireadar prátaí agus turnaipí agus rudaí mar sin agus tar-éis tamaill cheannuighdear capall agus mhaireadar go suaimhneasach as san amach.