Scoil: Cooleenbridge, Scariff

Suíomh:
Poll an Ghabhair, Co. an Chláir
Múinteoir:
T. Mac Seóín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cooleenbridge, Scariff
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Bríghid Ní Mhochoirighe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní maith liom gan cúpla fochal do cur isteach ar Bríghidh Ní Mocóirighe. Bean feasa do bheadh i go raibh cómhnuidhe uirthí míle ar an dtaobh thiar de bhaile na Fiachaile agus a fuair bás tímcheall leath-céád bliadhain ó shion. Ní raibh aon áit in Éirinn go mór mhór i gCúige Múmhan ná raibh a h-ainm in áirde agus clú uirthí id taobh méid a h-eólais ar easarlaidheacht. Thagadh daoine ó chían is ó chómhghar chun léigheas d'fhághail ar a gcuid galair féin nó ar galair a gcarad.
    Is amhlaidh bhí buidéal aiche agus núair a thaghadh aóinne cúichí ag lorg léighis d'feachadh sí isteach sa mbuidéal agus do bheadh a fhios aiche an raibh sé i ndan do'n duine breóite a shláinte do chasadh air nó bás d'fhághail. Má bhí an duine chun bás d'fhághail ní théigheadh sí níos sia leis an sgéul ach muna raibh, thugadh sí buidéal leighis úaithí agus ba gheárr go mbéadh an t-easlán in a sláinte arís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Bidí Ní Mhochóirí (~186)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Thóibín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leathcheathrú Íochtarach, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Mícheál Céitinn
    Gairm bheatha
    Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)