Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- XML Leathanach 419
- XML “Aiste ar Thobar Beannaithe san Áit seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá ceann díobh ins an ait seo ceann aca i gCnoc Buidhe i gCill Chlaráin agus an ceann eile i mBaile Crainn. Ins an am fadó chuaidh daoine go dtí an tobar i mBaile Crainn cun leighis dfhaghail ar suilibh créacht. Act ní théigheann siad anois acht cun é d'feichint.Lá amhain chuaidh beirt fhear suas go dtí an tobar timcheall na seachtmhogha bliain ó shoin agus chaitheadar an t-uisge amhach agus níor tháinig aon uisge ins an tobar in a dhiaidh sin. Cúpla lá ina diaidh sin fuair duine aca bás obann agus fuair and duine eile bás i teac na ngeilte.Nuair a théigheadh ann bhíodh sé ortha rudh éigin d'fhaghant ann.
Tá uaig fathach in aice leis an dtobar agus do bhí rud éigin le feichint in aiche leis an uaig ins san am fhadó acht ní bhíonn anois. Deirtear go bhfuil leaba Grainne in aice leis an tobar freisin acht níl sí curtha ann. Tobar an deas is eadh é. Tá altóir in aice leis an tobar agus bhí aifreann raidhte ann ins an am(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Teresa Ní Chomhraidhe
- Inscne
- Baineann