Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 422
An t-Aonach
ins an am fadó bhíodh na h -aontaighthe ins an bpáirc i gCill Claráin ,tugtar páirc an aonaigh mar ainm uirthe.Píosa talmhan glas is eadh Páirc an aonaigh.Bhíodh aontaighe mhóra chaileamhala ann.Ní bhíonn na h-Aontaighe ann anois agus ní raibh siad ann le seasga bliain o shion.Díoladh go leor beithidhigh ,caoraig agus banbhaí ann.
Timchreall seasga bhliain o shoin do bhíodh na daoine ag troid tar éis an Aonaigh.An am sin ni raibh aon síothcháin ins an gceanntair seo smacht do chur ar na daoiníbh.Nuair a bhí an troid ag siubhal imeasg na ndaoine do bhíodh ar an t-Sagart paróiste teacht ó Fhiacail chun deireadh do chur leis an trioblóid agus clampar.
Nuair a bhíodar ag díol na mbeithidheac d'ifruigheadh an ceannuightheóir den díoladóir ce mhéad a bhéaqdh ag teastail uaidh agus dá bhéadh an dialadóir sásta gheibheadh an ceannuightheóir píosa salaighe ar a mhaide agus cuireadh sé ar dhrom an bheithigh é mar marcal nuair a bhíodar díolta.
Nuair a thagadh ceannuightheóirí ó duaisceart na h-Éireann no Co na Mídhe cuireadh siad marcáille siosúr ar na beithigh nuair a bhídis díolta.Nuair a bhíodh an díoladóir agus an ceannuightheóir sásta deireadh an ceannuightheóir "trom do lámh "Annsin buaileadh an ceannuightheóir bos a lámh é in(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann