Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- XML Leathanach 445
- XML “Uaigh an Fhathaigh”
- XML “Conas a Dhéantar Cliabháin Éin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí uaig fhátaigh in Sliabh Phiobair. Tá sé ar bhárr an t-sléibhe in aiche tigh Bean Uí Rosfort. Tá cloch mhór ar a bhárr. Tá sé seacht troigh ar fhaid agus dhá throigh go leith ar leithéadh.Tá sgríbhínn ar an gcloch seo in gaedhilg agus níl feidir an sgríbhinn seo do léigheadh.
- Ar dtúis gheibhtear dhá phíosa fearnóg agus dhá phíosa coll. agus ceangailtear le chéile iad ar chuma cearnóga(?)Annsin gheibhtear ceithre slata fada caol agus cuirtear fáisg i lár gach ceann acha. Cuirtear ceann acha ar gach cuinne den cearnóg agus ceangailtear iad le chéile troigh os cionn na cearnóige.Gheibhtear slata agus cuirtear iad d' réir a chéile ar gach taobh go bharr an chliabhain. Gheibhtear slat fada caol agus déantar bogha de. Ceangailltear an bogha do dhá cuinne an cliabhain. Gheibhtear gabhlóg agus píosa slata gearr agus cuirtear fáisg ar deire an t-slat. Cuirtear é isteach idir an gabhlóg agus an fráime, agus cuirtear an deire eile taobh istigh den bogha. Cuirtear grainne coirce isteach san chliabháin. Nuair a tiochfaidh na h-éin leagfidh (?) siad.