Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 05_008
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san samhradh bhí an t-uisge gann agus níor bhféidir léithi aon deóir uisge fhághail. Chuaidh sí isteach ag tobar Cinn Dheirge agus thug sí an t-uisge as agus d'imthigh sí abhaile. Chuir sí an t-uisge ag bruith fataí agus dá mbeadh na fataí shíos ó shoin ní bhruithfeadh síad, b'éigin dí an t-uisge a bhaint asta arís agus uisge eile a chur ionnta agus bhruith na fataí dhí annsin. Bíonn uisge ins gach ceann aca i gcomhnaidhe. Níl fhios ag aoine cé'n chaoi ar eirigh aon cheann aca ar dtús, agus níor chualaidh mé ariamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann aca. Níor chualaidh mé ariamh gur thug aon duine aon iarracht ar aon tobar aca thiormú na a dhúnadh.
- San bhfoghmhar bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus áirní. Bíonn muid ag imirt sgreaga freisin bhfoghmhar. Lá Fhéile Pádhraig bíonn muid ag buaileadh cead, bíonn muid ag breith ar éanacha le ciseóga san nGeimhreadh agus ag tóraigeacht coiníní. Nuair a bhíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bairtle Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micil Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann