Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 08_003
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon oidhche Mhárta dár tháinig 'riamh nach marbhóch' mártan, mart nó caora. An chéad bhean a bhí aige ' riamh níor chuir sí suas ghan mart a mharbhú'. Fuair sí bás agus bhí mac aici darbh'ainm Conn! Phós sé bean eile annsin, agus nuair a thainig oidhche Mhárta chuir sí suas d'on mhart a mharbhú?
Thug mártan isteach an mart agus marbhuigh sé é gan bhuidheacas dhi. "Go dtachtaidh an diabhal", ar sise, "an chéad duine a íosfas greim dhi". Chuir mártan píosa do'n mhart síos sa phota dhá bhruth, agus d'fhreastal sí é fhad is bhí sé a'bruth. Nuair bhí sé brute thug sí an pota sa seómra. Sé an chéad rud a rinne sí greim de a chur i na béal agus thacht an greim í. B'fada le mártan a bhí sí sa seómra agus chuaidh sé sa seómra agus fuair sé tachtaighthe i. "Is fior sin ", a dtubhairt mártan " bíonn uair na h-athchuinge ann." "Sin é an eascaine a rinne sí an chéad duine díosfadh greim d'en feóil i dhá thachtadh." Cuireadh an lá 'na dhiaidh sin í. Nuair a bhí fear an thighe agus a mhac ag ithe a shuipéar, tháínig sí ag an doras arís. Bhuail sí ar an doras agus leigeadh isteach í. Chuaidh mártan sa seómra le faithchios agus chuaidh an mac ar chúl(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micil Ó Meachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bartle Ó Meachair
- Inscne
- Fireann