Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis na trí rud a bhfearr leis a iarraidh agus go bhfuigheadh sé iad. Diarr Seán (1) "Paca cártaí nach bfuigheadh aon fhear buaidh go deo orm. (2) Tá crann ubhall agam sa mbaile agus aon duine a bhaineas uball de go ngreamóchaidh sé ann go bráth. Agus an tríomhadh ceann gan an bás a teacht go ndearfhaidh mé mo chuid páidreacha. Ó arsa Mac Dé rinne tú dearmad ar na flaithis a iarraidh. Rinneas arsa Seán acht tá sé ró-deireannach anois. D'fhag mac Dé slan aige agus d'imthigh Seán leis abhaile lá ar an bharach chuaidh sé i measc sluagh mor daoine ag imirt cártaí. Dubhairt Seán go raibh ná cártaí a bhí siad imirt go dona agus go raibh paca nuadh aige féin a bhí níos fearr agus thosuigh siad ag imirt le paca Seaín agus dá mbeadh siad ag imirt ó shoin ní geobhfadh siad aon. Bhí Sean ag deanamh sleacht orra. Deirigeadar as sa deire agus bhí Seán ag deanamh a saidhbhris as na cartaí. Bhí Seán aosta go maith anois.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe