Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 1
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Shamhna
Tuiteann oidhche Shamhna ar an oidhche dheireannach de mí Dheireadh Foghmhair, agus tuiteann lá Samhna ar an ceud lá de mhí na Samhna.
Bíonn féile mór ag na daoine an oidhche sin agus bhíodh cuid mhór cleasa ag dul ar aghaidh i bhfad ó shoin. Seo cuid acú. Aithe an Aoil agus ceirtlinn an t-shnath. Caithfidh aithe Aoil a bheith comhgarach agus caithfidh ceirtlinn snath a bheith ag an fhear nó ag an bhean atá ag dhul a dhéanamh an cleas seo. Rachaidh an duine amach agus caithfidh sé an ceirtlin síos ins an áite. Annsin tocaireochaidh sí nó sé suas arais é. Annsin deirfidh sí nó sé, ‘‘Cé seo ar bhun mo shnaithe’’, cé bith bean nó fear ata i ndán de’n duine, bheirfidh sé nó sí freagar ar an duine.
Seo rud a tharlaidh nuair a h-imreadh an cleas. Bhí beirt cailín ann am amháin agus rinne siad suas an cleas a dhéanamh. Chualaidh beirt stocach de na comharsunaigh seo agus chuaidh duine acú isteach san áite agus luige an fear comhgarach. Chuaidh an bheirt amach agus chaith siad an ceirtlin isteach, thocairt siad suas é agus dubhairt, ‘‘ Cé seo ar bhun mo shnaithe’’. Thug an fear a bhí san áithe freagar agus dubhairt sé ‘‘ Mise fhéin an diabhal mór’’. Rith an bheirt ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall