Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 39
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rud a bhí ag teacht orthu go rabh an fathach ag teacht gach aon oidhche agus ag tabhairt bean acu leis. Acht an triomhadh h-oidhche tháinig a máthair chuig an ghiorsach i mbroingleóid agus dubhairt sí léithi go dtiocfadh an fathach an oidhche sin, agus fosta, d’iarr sí uirthi nuair a thiocfadh an fathach a chloigheann a bhaint de leis an chlaidheamh.
Tháinig an fathach an oidhche sin mar bhí ariamh agus chuir sé a chloigeann isteach fríd an (dos) doras ag brath an cailín a shlogaint ach le sin fhéin chaith an ghiorsach an cloigeann de. Nuair a shil máthair an fhathaigh nach rabh sé ag teacht leath gasta go leor, agus go mb’féidir gur éirigh rud éighinteacht do, tháinig sí fhéin go dtí an t-oileán, agus chonnaic sí an fathach ‘na luighe marbh. Annsin thug sí léithí cheann an fhathaigh agus chuir sí air arais é, agus fuair sé biseach. Tamall ‘na dhiaidh sin tháinig sí go dtí an doras agus d’iarr sí ar an ghiorrsach a leigint isteach. Bhí an doras druidte agus tháinig an ghiorsach go dtí an doras agus an claidheamh in-a láimh leithi. Bhí ingne iongantach fada go deo ar an bhean seo, agus chuir sí isteach fríd an doras iad. Thug an cailín iarraidh an lámh a bhaint díthe, acht cuaidh a lamh i bfástodh i mbrollach na giorsaighe. Annsin chait an ghiorsach an lámh díthe, acht bhí bos na láimhe sáithte istoigh in-a brollach. Ní rabh doctúir ar bith ábalta an ghiorsaighe a léigeas ach dearbhráthar de’n leas-mháthair, fear darbh’ ainm an Doctúir Fionn.
Tháinig an doctúir go dtí an t-oileán, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní hEaluighthe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Bhranainn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Grial, Co. Dhún na nGall