Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 242
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal.
    Bhí seanbhean agus seandhuine ann aon uair amháin agus bhí an seanbhean i bhfad níos sine na an seandhuine acht ma bhí fein ní raibh mórán céille aici. Bhíodh sí ag rád i gcomhnuidhe da mbád toill De é gur mhaith léithe bás a fhághail bhí an seanduine clisde go maith agus bá mhaith leis a fhághail amac an raibh an tseanbhean ag innse na firinne no nach raibh. Lá amháin thug sé leis sean coileach a bhí aige, báin na cluimhreach uilig de agus d’fhág ‘na sheasamh shíos ag an doras é. Shiubhal an seandhuine aníos go dtí an coirneal annsin agus shuid se síos. Siubhal an coileach aníos go dtí an coirneal fosta agus sheas sé annsin.
    Shíl an t-seanbhean gur an bás a bhí ann agus thoisigh sí ag rachtáil thart fríd an teach agus ag sgairtigh go h-árd agus bhí in a ceann “A bhais A bhais fag mise do dhiaid agus tabhair leat an seandhuine sin thall sa choirneal”.
    Bhíos ag an seandhuine annsin nach raibh sí dararaibh agus char labhair sí ar an bás o’n lá sin go dtí’n lá a fuair sí bas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)