Scoil: Áth na gCoire

Suíomh:
Anagaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán P. Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áth na gCoire
  2. XML Leathanach 314
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí Timlín mór amuigh ag iascaireacht aon lá amháín agus nuar a tháinig sé isteach, cheangail rí an bád le súghan.

    Bhí Timlín mór amuigh ag iascaireacht aon lá amháin agus nuair a tháinig sé isteach cheangail sé an bád le súghán. Bhí tarbh Sheanín na Scadán istoigh i bpáirc nac rabh mórán feár ann agus bhí ocras milteannach air. Síos leis go dtí an chuan, dith an súgán agus isteach san bhád leis annsin, an áit a d’fhág Timlín mala preataí a fuar se ó Eadmonn mór na n-oileán. Thóisig an tarbh ag ithe ‘gus ag ithe agus nuair a bhí deireadh itte aige bhí sé giota maith amuigh san fhairrge.
    Leim an tarbh amac as an bhád báitheadh é agus chuaidh an bád amac agus amac agus bhí deireadh leis. Chuaidh Timlín agus Seánín ‘un dlíghe agus fuair Seanín an buaidh nó sé an tarbh a bhris an bád agus chán Seánín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean Fochla
    1. Ballaí fuara a gnídheas bean toighe súarach
    2. Cam díreach an ród se an bealach mór an aith-ghiorra
    3. Gheib na caiple bás fhad agus bíonn an fear ag fas
    4. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomnaidhe é
    5. Is furust fuinneadh in aice na mine.
    6. Ní bhfuair an madadh ruadh teachtaire ariamh níos fearr na é féin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán P. Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Oide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)