![](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0295%2FCBES_0295_012.jpg)
Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine
CBÉS 0295
Leathanach 012
Drom an Uair agus Tógáil na nDaoine (Fíor)Bhí sean-bhean i gCléire fadó in aimsir Drom an Uair agus Máire Ní Shéaghdha (mhair sí i Lios-a-Móna) ab’ainm di.
Nuair a bhí sí tímpal meadhan-aosta sgiob an dream seo leó í. Bhíodar go minic istoidhche i dtigh. Oidhche amháin dá raibh fleagh aca i dtigh san Oileán, tímpal meán-oidhche, bhí muintir a’ tighe ‘na gcodladh i seomra in aice na cistinne, ach bhí dream an uair do-fheiscithe. I lár na hoidhche tháinig bean a’ tighe go dtí an chistin i gcóir deoch agus nuair a chuaidh sí treasna na cistinne do mhothuigh sí pian ‘na glúin agus chuaidh sí go dtí an leabaidh agus d’fhan ann. An lá ‘na dhiaidh sin tháinig “Máire Ní Shéaghdha” agus dubhairt gur í féin a chaith fo-chupán léithe mar dá gcaitheadh aoinne eile é bheadh sí níos measa, agus dubhairt Máire go mbeadh sí maith go leor ach trí braonacha d'uisge bó riabhach do chur air. Do cuireadh an bhó riabhach isteach sa stábla agus bhí sí ann ar feadh naoi lá gan aon uisge a dhéanamh.