Bailiúchán na Scol

Bailiúchán béaloidis é seo a chnuasaigh páistí scoile in Éirinn le linn na 1930idí. Breis eolais

Scag na torthaí

Torthaí

34 toradh
  1. Féilí an Bliana - Lá Fhéile Bríde

    CBÉS 0020

    Leathanach 0069

    bhfuigeadh siad píghinn nó dó in gach theach. Chaitheadh siad na pighneacha a saorú ag damhadh thart sa gcistineach. Chasadh bhean an thíghe port annsin.
    Máirt na hInide
    Ní raibh ceadh ag na daoine pósadh on chéad lá an Charghaois nuair a bheadh Mairt na h-Inidhe thart. D'eir na sean daoine nach mbeadh aon thád orra da bpósadh siad ins an am sin.
  2. Laethanta Áirithe

    CBÉS 0010

    Leathanach 094

    "Beidh tús an Luan agus tús na seachtmhaine againn". Nuair a bhíos siad ag dul ag iasgach má fheiceann siad capall bán, bean ruadh nó girrfhiadh bíonn fhios aca nach bhfuigh siad aon iasg an lá sin. Ní maith leo cainnt a chloisteáil ar ainmhidhe ar bith.
    Tá ainmneacha faoi leith aca ar laetha a thagas i rith na bliadhna agus seo cuid aca: Lá na leanbh; Diardaoin Dearg, Céadaoin an bhrathadh, trí lá na bó riabhaigh agus Máirt na hInide.
  3. Féilí na Bliana

    CBÉS 0042

    Leathanach 0232

    Bíonn go leor féilí againn i rith na bliadhna agus seo cuid aca - Lá Fhéile brighde, lá fhéile pádraig. An inid, Máirt hinide an carrghas Ceadaoin na luaithridh Deardaoin na comaoine, Aoine a cheasta Satairn agus domhnach Cásga Domnach agus Luain cingcise lá cuirp críost lá féile Peadar agus Pól lá féile Seáin, lá féile Muire feile micil feile martan lá Samhna lá agus oidhche nodhlag lá féile Stiopáin Oidche cinn bliadhna Oidhche nodlag beag.
    Bíonn lá féile brigidhe ann ar an gcéad lá d’Feabhra ar an oidche sin do theigheadh na bauchaille óga agus na fir móra thart leis na brigdeogaibh. Do bhídís ag seinm ceoil
  4. Féilí na Bliana

    CBÉS 0394

    Leathanach 091

    seinnt ceóil.
    "Lá 'le Phádraig"
    Ar la 'le Phádraig caithear an "tseamróg" in onóir don Naomh ghrástamhail san.
    "Máirt na hInide".
    Ar Máirt na hInide deineann na daoine im' ceanntair pancóga agus cuirtear an fáinne innti agus bíonn gac duine ar cipíní ag féuchaint cé geóbadh an fáinne agus úaireannta eile deintear dealbh ar phileár mná agus fir ion-pósta.
    "Domhnach Cásga".
    Ar Domhnach Cásga an lá d'aiséirigh Críost on marbh itheann alán des na daoine níos mó ubh ná mar is gnáth.
    "Lá Eoin Baiste".
    Ar la Eoin Baiste deintear teinte cnámh agus nuair a bíonn sé ag lasadh suas léimeann cuid des na búacaillí is na cailíní thart agus úaireannta eile gheibhtear plannda dar'b ainm "mogoord" agus deintear rían na croise ós cíonn na teine.
    "Oidce Samhna".
    Is ar Oidhche Shamhna a bíonn an spórt is mó. Bíonn suipéar mór í ngach tigh an
  5. Pósaithe

    CBÉS 0082

    Leathanach 049

    Sé an tam is mó pósann an daoine san bparóiste seo ó'n Eanar go Máirt na hInide. Ní pósann daoine Dia Lúain agus Dia hAoine ná lá na leanbh no an tríomhad lá déag de gach mí. Deirtear go bhfuil na laethe sin mí rathmhar. Ní pósann daoine i mhí Bealtaine. Bíonn feóil dá chaitheamh in gach tígh Máirt na hInidhe.
    Déantear cleamhnaisí sa gceanntar seo go fóill. Téigheann beirt fhear ag iarraidh an chailín go teach a hathar, agus tugann siad buidéal fuisge leó. Muna bfuigheann siad an eiteach socruigheann siad ar an spré. Cúpla lá in a dhiaidh sin cuireann an cailín teachtairí ag féachaint ar gabhaltas an fhir óig. Má bhíonn siad sásta leis téigheann muinntear an chailín agus muinntear an fhir óig go baile mór agus déanann síad connradh in oifig dlígheadóra.
    Bhíodh "Runaway Matches" sa gceanntar seo. Is amhlaidh dá mbeadh athair an fear óig mí shásta leis an cailín a bhíodh an fear le pósadh sgúabadh an fear óg an cailín leis go teach carad agus phósadh sé í. Bheadh náire annsin ar an tathar agus leigeadh sé isteach an lanamhán.
    I gcairt is mó a théigheadh na daoine go dtí an séipéil acht úaireannta théigeadh a[n]
  6. Pósaithe

    CBÉS 0429

    Leathanach 830

    San inid is mó a phósann na daoine annso. Cúpla seachtmhain roimh pósadh cailín agus féar óg deintear cleamhnas, sé sin le rádh ceist an spré do shocarughadh agus má éirigheann leó réitigheann siad lá an phósta agus rudaí mar sin. Tugtar airgead mar spré annso de réir an seilbh. Téigheann an lámhna ar "mí na meala" tráthnóna lá pósta. Nuair a thagann siad abhaile is gnáth oidhche mór spóirt a bheith i dtig an cailín in a mbíonn múintear an lámhna. Tá sé mar piseóg sa paróiste seo: nuair a phósann beirt Mairt na hInide ní théigheann an cailín go dtí a bhaile dhúthcais go dtí an Casg, mar deirtear dá dtéigheadh sí go mbéadh mífhortún aici as san amach. Gúnai gorma is mó a caitheann na cailíní ag pósadh sa cheanntar seo. Dath liath (slinne) is mó a chaithidís fadó. Nuair bhíodh an beirt a bhíodh cun pósadh ag teacht go dtí an t-séipéal fadó thagadh cóisre mór fada de fir ag marcaidheaht ar capallaibh agus a mná ar an dtaobh thiar díobh. Nuair a bhíodh an oidhche spóirt aca thagadh "buachaillí tuighe" de gnáth cun an tig cun bídh agus díghe d'fhághailt. Sé an fáth go tugtaí an ainm sin ortha, ná go mbíodh siad gléasta le culaithe tuighe agus agaidhthe ortha I dtreó is ná aithneóchfaí iad.
  7. Pósaithe

    CBÉS 0429

    Leathanach 833

    Dá bpósadh cailín Mairt na hInide agus muna thagfadh sí tharnais go dtí a tig féín an lá san ní thiocfadh sí tharnais go ceann seact seactmhain an Cargáois. Deirtear dá bpósadh éinne de Luain bheadh mí ádh aige ar feadh na bliadna.
  8. Pósaithe

    CBÉS 0471

    Leathanach 091

    Pósann daoine san áit seo san inid de gnáth. Pósann mórán cúpla ar Mháirt na hInide. Pósann daoine tar éís na Cásca leis acht ní phósann síad sa Chairghéas, nó i mí Lughnasa, nó i mí na Nodlag. Ní maith leis na daoine a bheith pósta acht ar Dia Máirt, Diardaoin nó Dia Satharn. Má bhíonn an cleamhnas déanta san inid is mí rathmhar an pósadh do chuir thar nais go dtí am éigin eile. Deintear cleamhnaisí san áit seo fós, Tá daoine sa pharóiste agus táid ana rathmhar cun cleamhnas do dhéanamh agus tá daoine eile ann agus ní raibh aon rath ríamh ar aon chleamhmnas do chuireadar a lámh ann. Tugtar airgead, ba, agus caoirig mar spré.
    Seo mar a deantar an cleamhnas. Téígheann an STÓCACH ó an gcailín go dtí tig an bhuachalla le SGÉAL AN CHLEAMHNAIS. Siubhlann an stócach timcheall na feirme, agus féachann sé na buaibh, ar an gcapall, ar na caorachaibh, agus ar na tightibh go léir - cró na mbó, an stábla, an sgioból agus an tig-féir.

    (Deirtear ná bíonn rath ar chleamhnas a dheineann bean nó sagart)
  9. Pósaithe

    CBÉS 0021

    Leathanach 0040

    Posaidhthe
    Tar-éis an Nodlaig is mo a phósann na daoine. Pósann a lán aca ar Máirt na Hinide. Deartar gur mí rachmar an rud posadh ar dardaon nó ar dia h-Aoine agus freisin í mí bealtaine. Ar dtúis deantar cleamhnaistí agus tugtar airgead nó stoc nó earraide mar spré, agus socruidís lá an bposta.
    Ins an sean aimsear déanaidís cleamhnaistí freisin agus nuair a bhídis pósta ar feadh bliadhna tugad cúpla spré dóbhtha. Bhíodh bainis acú tar-éis an posadh. Thiocadh na buachaillí tuighe isteach agus iad gléasta le punnanna tuighe agus iad cásta thart timcheall ortha ionnas nach mbeadh aithne ag na daoine ortha. Geibhidís rudaí le nithe agus le nól agus racaidís amach arís.
    Ní bhíodh gluaisteán acú fadó agus rachaidís go dtí an seipéal ar capallaibh agus i gcairt. Deartar go mbeadh an is fearr ag an fear a sroichfead teach ina mbíodh an bainis i dtosach.
  10. Féilí na Bliana

    CBÉS 0042

    Leathanach 0233

    agus ag damsamh do geibidís go leor airgead agus do roinnidís eatorra i ndeareadh na dála. Deirtear freisin go ndearnaidís diogbháil in gach teach nach leigfeadh isteach iad.
    Bíonn Máirt na hinide ar an lá roimh Ceadaoin na luarthridh do bhíodh féasta acu an oidche sin. San am sin freisin posann go leór daoine mar ní bheadh cead acu posadh sa carrghas.
    Ar Ceadaoin na luaithridh do theigheadh go leor daoine ar aifrinn agus do cuireadh an sagart comartha na croise ar a aghaidh i dtreó is go gcuimneocadh siad ar an rud a dubhairt dia. Nach bhfuil in na daoine ach luaithridh agus go rachaidís thar n-ais go luaithrid nuair a geobhadh siad bás.
    Sé deardaoin na comaoine an oidche a bhí an suipéar deireadh ag ar Slanuightheóir san
  11. Pósaithe

    CBÉS 0072

    Leathanach 112

    San am fadó is ó lá chinn ar an dá lá dhéag go Máirt na hInide is mó a pósadh daoine. Duine ar bith a mbíodh sé thar an pósta aige agus nach mbéad pósta roimh an gCargaos bhíodh gach duine ag magadh faoi.
    An Domhnach roimh Cheadaoin an luaithreadh tugtar domhnach an smuit air. Déirtear go mbíonn smut ar na puis-mhná agus ar na fir meadhon aósta nach mbíonn pósta an lá sin.
    Seachtmhain na hInide bhíodh sé de nós fadó na fir-meadhon aósta agus na puis mhná a shaille, sé sin máilín salainn a cheangal ar a muineál agus iad a thabhairt a bhaile.
    Fear stálaí a tugtar ar fhear a mbíonn sé thar am pósta aige.
    Déireadh na sean-ndaoine fadó nár cheart obair ar bith a thosú an 4adh lá tar éis lá
  12. Pósaithe

    CBÉS 0477

    Leathanach 152

    do dhíol leis.
    Fadó tagadh na sagairt sa tigh, agus phósadh síad an lanamha timceall a dó a clog san oidhche, agus bhíodh sé féin i na dteannta go maidin. Bhíodh coisire aca leis - mórán daoine gaol as gach aon taobh. I tig an chailín a mbíodh an pósadh aca. Má bhíodh an cóisire aca i Máirt na hInide, téigead an cailín go dtí tig an fhair an oidhche sin roimh meadon oidhche mar níorbh ceart, dul ann aon lá de Carois.
    I lár na hoidhche, tagaidís buacaillí tuighe sean giobhall no tuige casta ortha, píosa giobail ar aghaidh gach duine aca. Dhéinidís bata rinnce do féinig tamaill. Dhein a captaon bata rinnce leis an mnaoi nua. Geibhidís ceaintín portar, leis, an Dimtigidís agus théigidís abhaile doibh féinig.
    Caiteadh an fear dul a diarraidh an cailín an maidin a pósadh í. Ní rugaidís
  13. Féilí na Bliana

    CBÉS 0616B

    Leathanach 08_014

    14
    na mban ,an sémhadh lá d'Eanair.
    An lá i ndiaidh lae Nodlag is é lá 'le Stiopháin .Teigheann sgata garsún tímpal an la san ins na bailibh beaga agus aighthe ortha agus craobh chuilinn aca agus dreoilín marbh ar crochadh aisti.Téigheann siad ó thígh go tíg ag bailiú airgid,
    "Oidhche an Dóithín Móir ,na Oidhche Choille ,má itheann duine a dhóithin an oidhche sin,go mbeidh a dhóithin le nithe aige go dtí deire na bliana chuige.
    Tjugtar an Inid ar an aisir ó lá Nodlag na mban go dtíí Céadaoin an luaithridh .le linn na h-aimsire sin iseadh deintear na cleamhnais .Máirt na hInide an lá
  14. Féilí na Bliana

    CBÉS 0616B

    Leathanach 10_014

    Féilí na Bliana
    Lá le stiopán .Téigeannna na buacaillí agus na fir a tig go tig ag bailiuigadh airgid,bíonn siad ag amráin agus bíonn an dreoilín aca
    Mairt na'hinide .Sé an lá deireannach cun posad,deintear pancóga ins gach tig agus bíonn féasta aca.
    Lá le padraig .Bíonn an seamróg gá gcaiteamh ag gach ag gach éinne an la sin.
    Lá le Seain do bhí téine mor ag na daoine in agus bíonn siad ag rinnce.
    Domhnach Cásga .Itheann na daoine nios.
  15. Féilí na Bliana

    CBÉS 0618C

    Leathanach 02_048

    Mairt na hInide:- Pósann go leor daoine ar an la sin, ins an bparóisde seo.
    Domhnach na Cailce:- Ar an lá seo chuirtear go leor cailce ar na daoine nách bhíonn pósta.
    Lá Bealtaine:- Chuireann na daoine craobh glas ós cionn a ndóirse, ar an lá sin, chun fáilte do chur roimh an Samhradh.
    Fadó do théigheadh na daoine go dtí an tobar, i gcóir uisge Bealtaine, agus do choimeadaidís an tuisge sin.
    Oidhche lá le Séan:- Déineann
  16. Féilí na Bliana

    CBÉS 0618C

    Leathanach 03_031

    31
    22-3 -1938.
    Féilí na Bliadhna.
    Seo leanas cuid de's na féilí go bhfuil nósanna ag na sean daoine :-Lá 'le Brighdhe .Teigheann a lán daoine go Tobar Brighdhe agus lasann siad coinnle ann.Cuireann na sean daoine cros beag admhad anuas ar an sileál an oidhce sin agus fágtar ann é .
    Máirt na hInide:-Deineann na daoine pancóga .
    Domnach na cailce :- Bíonn na páistí ag cur cailce ar na fir óga agus na mná óga na bíonn pósta .Aoine an Ceasta:-
  17. Piseoga

    CBÉS 0437

    Leathanach 031

    Aoine an Chéasta is mór an céasadh baine d’ól. Agus Domhnach Cásga is mór an náire bheith gan feoil. Tá nós ag na daoine gur ceart feóil d’ithe Máirt na hInide
    Muiris ÓGríbhín, Glaise, VII. Rang.
  18. Féilí na Bliana

    CBÉS 0617

    Leathanach 330

    Féilí na mBliana ar leanmaint
    Is beag féile a bhí sa bhlían fadó nách raibh chuid mait de nósanna ag baint leis Tá mórán díobh seo imhthighthe as an tír fé láthair pé scéal é ach gan dabht cleachtar chuid dhíobh go dtí an lá indiu chur i gcás -
    a) Oidche lae la Brigde
    Tuitheann an lá seo ar an t-aon-mhadh lá déag ar fichid do mhí Eanair. Ar lá seo téigheann sgata búachaillí timpal o thíg go tig fé mar a deintear lá le Stiopáin.
    b) Nodhlag Beag
    Is é seo an lá deireannach don Nodhlaig. lastar conneall mór céireach ar gach fuinneóig agus de ghnáth bíonn suipéar mór ins gach tig. Taréis sin bíonn spóirt, scleip is sult ag siúbhal ag na daoine óga. Bíonn an féile is mí sa bhlían thart annsan agus chuireann gach aoine slán leis.
    c) Máirt na hInide
    Máirt na hInide an lá déanach cun posta roim an gCarghaos. Bíonn fléadh agus féasta ins gach tig ag tabhairt slán le sódluistí go deire an Carghaois. Deintear páncóga leis agus bíonn ana fleadh acha.
  19. Féilí na Bliana

    CBÉS 0616B

    Leathanach 04_019

    19
    tímceall na háite seo ag bailiú airgid.
    Lá le Brighid :- deineann na daoine cros agus cuireann siad ar na siléál é.
    Máirt na hinide:-Sé an l deireannach don Inid e.deintear a pancóga ins gac tígh an oidhche sin.
    Domhnach Calcaigh :-Sé sin an céád Domhnach san Carghaois .Cuirtear line calc ar gach aoinne na posann í rith an Ind.
    La bealtine :-Cuirtear carobh glas ós cionn gach dorasa an la sin.
    Oidhche San Sheán :-Sé sin an 24 adh lá de mhí Meithimh .Deintear trinte móra cnámha do lasa agus bíonn na daoine ag rinnce tart tímceall .
    Oidhche Shamhna :- Bíonn barín breac aca le haghaidh an suipéar agus
  20. Féilí na Bliana

    CBÉS 0616B

    Leathanach 05_009

    9
    La le Bríghid. Se féile Bríghis na an cead la de mhí Feabhra..Itheann na daoine pancógha an oidhche sin agus cuireann gach aoinne cros anúass ar an siolail
    Mairt na hinide;-Deineann na daoine pancoga agus bíonn fleadh mór aca.
    Domhnach Cásga :-Itheann na daoine nios mo uibheacha an la sin ma aon la eile agus bíonn rud éigin aca nios mó na aon la eile.
    La Fheile Padraig .Bíonn seamróga á caitheamh ag na daoine an la sin
    Oidhche Shamhna :- Bíonn alán spórt ag na daoine an oidhche sin.Crochann siad úl aaas an síolál agus bíonn siad ag iarraidh é dfhághail gan lam do cuir leis.Cuireann siad tobán uisce ar an urlár agus cuireann