School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 91
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fearr bocht ina chomhnaidhe fadó i nGrianán do bhí beirt mhac aige agus bhí a bhean ceile marbh. Ni raíbh sa teac act an triú aca. Oidhche dá raibh sé ag siubhal, nuair a bhí na Cótaí Dearga ag réabadh na tíre, casadh siad air agus dó cheaphadar gur duine de na "Cótaí Dearga" a bhí annsin. Do thug siad mála mór óir dó, le cur i bhfolach. Do chuir an fear i bhfolach é ar thaobh cnocáin an Aifrinn. Tamall na dhiaidh sin fuair an fear bocht bás agus ní raibh fhios ag na "Cótaí Dearga" cár fhág se an t-ór. Níl rud ar bith ag cosaint an óir sin anois, acht e an rud is measa dé'n sgéal ná, nach bhfuil fhios ag éinne cé'n taobh de'n chnoc sin ina bhfuil se. Deirtear nár ceart d'éinne beith ag romhar san áit ina bhfuil an t-ór i bhfolach. An fear thug an sgéal seo dom tá sé beó fós agus tá sé na chomhnaide in dTabhnach-Cnámh. Tá sé timcheall 66 bliadain d'aois.
- Collector
- Brighid Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Tawnykinaff, Co. Mayo