Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Múinteoirí:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 188
  3. XML “Le Bróg a Dhéanamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I dtoiseach nuair a bhíos gréasaidhe ag déanamh bróg, fághann sé leatharm cnáib arl. Bíonn ceap ádhmaid aige le h-aghaidh piogaí, agus ceap iarann le h-aghaidh táirní. Fághann sé leathar uachtair agus réidhtigheann sé é. Annsin fághann sé a chuid cnáibhe agus déanann sé snáithe. Tar éis sin fághann sé a mheanaidh agus toisigheann sé ag fuagháil. Fuaigheann sé cúl na bróige i dtoiseach agus annsin na lasgaí, agus fuaigheann sé an teanga do bhéal na bróige. Annsin cuireann sé ar an gceap ádhmaid é agus fuaigheann sé an t-uachtar agus na fó-bhonnacha len-a chéile. Annsin cuireann sé toisigh ortha. Ins na toisigh cuireann sé dhá líne piogaí agus líne taics buidhe agus táirní bróg. Annsin cuireann sé sála agus cruidhthe ortha agus tarraingeann sé amach an ceap. Déanann sé an taobh istigh mín agus annsin tá an bhróg críochnuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Deagánaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo