School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 539
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tsean-aimsir bhí fear dar b'ainm Éamonn Bairéad i na chómhnuidhe i nDubh - loch. Bhí sé go h-an mhaith ag cháitheamh meadhchain. San am céadhna tháinic long ó'n bhFrainnc go Beal-an-Mhuirthidh. An caiptín a bhí ar an luing bhí sé go h-an mhaith freisin ag chaitheamh meadhchana. Lá amháin dá raibh sé ag siubhal thart ar fud an bhaile, thainig sé go áit an mhargaidh. Bhi go leór meadhchan san áit, agus thosuigh sé 'ghá chaitheamh, agus dubhairt sé nach raibh fear i nÉirinnn nach raibh sé indhan a bhualadh ag na meadhchain.
Bhí cáil mór ar Éamonn i ngach áit, agus ní thiubraidh siad le rádh do'n bFranncach nach raibh a shárú le fághail i n-Iorrus. Chuadar go Dubh-loch agus cé'n áit a raibh sé acht ag gearradh feamaine le corrán. D'innis siad an sgéal dó, agus bhí sé ag léimrigh le feirge. "Ná bac leis" ar seisean, "cuirfidh mise smacht air." Réidhtigh sé é féin agus d'imthigh sé go Béal-an-Mhuirthidh. Bhi an Franncach ag fánacht(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Mhaolalaidh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Pádraic Ó Maolalaidh
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- An tSraith, Co. Mayo