Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 487
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Bean bheag i n-a seasamh le claidhe, itheann sí gach a bhfuigheann sí acht ní olann sí uisge. -Teine
2 Tiobairín fíor uisce i lár an bhaile seo fuinneóigín gloinne agus doraisín cré air. An tSúil
3 Cím-se é is ní fheiceann tusa é agus is giorra duitse é ná domsa
Cul do chinn
4 Bíonn sé thior is bíonn sé chiar, is bíonn se a ngáirdín Bhaile Átha Cliath is mó a ghreim ná greim capaill is ní bhlaiseann sé an fear
Speal
5 Molt mór dubh teann istigh idir dhá ghleann nuair bhogann an molt mór dubh teann bogann an dá ghleann.
Asal agus párdóga
6 Cím 'na suidhe ina seasamh í, cím ar bhláth an [?] í drúcht ná ceó ní scaipeann sí is ní scadann sí do shiubhal An Ghealach
7 Is cruinne é ná do cheann is sin é ná míle crann. Ceirtlín Snáith- Faisnéiseoir
- Bean Uí Rudaigh
- Inscne
- Baineann