Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
Croagh, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí sagart ann aon uair amháin agus níl cuimhne agam anois ca fhad atá sé ó mhair sé. Rinne sé seanamair Domhnach amháin ar gabhail 'un na Flaitheas agus gur bealach cuan, corrach a bhí ann, agus gur bealach leathan fairsing a bhí a gabhail go h-Ifrinn.

    Bhí sagart ann aon uair amháin agus níl cuimhne agam anois ca fhad atá sé ó mhair dé. Rinne sé seanamair Domhnach amháin ar gabhail ‘un na Flaitheas agus dubhairt sé gur fríd toim agus druiseógaí, ailt agus árdain, agus an bealach a bhí ag gabhail ‘un na Flaitheas gur bealach cuan, corrach a bhí ann, agus gur bealach leathan fairsing a bhí a gabhail go h-Ifrinn. Bhí fear bocht ins an cruinneadh agus nuair a bhí an seanamair criochnuighe thug sé cluas mór do’n sagart agus nuair a d’éirigh sé amach d’amharc sé thart go bhfeiceadh se ca bhfuigheadh sé an bealach a rabh an cuid is mo toim agus druiseógaí air.
    Tarraing sé ar na h-ailt agus ar an t-srúthain agus chaith sé an tráthnóna agus an oidhche gur glan an lá lá-thar-na-mharach ar an bhealach. Nuair a ghlan an lá bhí a cuid eaduigh strocha. A chuid laimhe steilge agus a eadan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1833: Application of the Sermon
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus A Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20