Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0051
- XML “Aonach an Bhaileabhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aonach an Bhailodhair.Bhí fear ann uair amháin, Diarmuid ab'ainm dó. Bhí sé pósta agus bí fear uasal na chomhnuidhe in aice leis. D'imthigh an bhean uaidh Dhiarmuid agus chuaidh sí na chomhnuidhe leis an duine uasal. Bhí éad ar an mbean le Diarmuid agus bhí sí ag iarraidh é a chur dá chos agus dubhairt sí leis an duine uasal go raibh Diarmuid na shaor-cloich agus a rádh leis a léithéid seo go (de) theach a dhéanamh dó agus seomra a chuir ann lé chuile lá go'n (de'n) bhliadhain.
Bhí go maith ghlaoidh an duine uasal ar Dhiarmuid agus dubhairt sé leis teach a dhéanamh dó a mbeadh seomra ann le gach lá go'n bhliadhain. Thosuigh Diarmuid ag sgríobadh a mhullaigh mar bhí fhios aige nach mbeadh sé in a chlaonta é a dhéanamh. Dubhairt Diarmuid leis féin go raibh sé chomh maith dó imtheacht as an tír mar go marbóchaidh an duine uasal é.
Ba ghearr go dtáinig sé chomh fada lé bóthar uaigneach agus casadh pucaide dó, d'fiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt Diarmuid leis go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. Galway