Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0207
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an tsean-reacht bhí baintreabhach ann agus bhí aon mhac amháin aici. Bhí sé dhá oileamhaint ins an gcliabhán nó go raibh sé bliadhain is fiche, ar chuma ar bith. Nuair bhí sé bliadhain d'aois théigheadh a mháthair chuig a' siopa agus cheannuigheadh cloch mine chuile lá dhó. Acht de réir mar bhí sé ag neartú bhíodh uirthi 'dhul níos truime ins an min; agus nuair a bhí sé bliadhain is fiche bíodh uirthi céad mine a cheannacht dó gach lá. Faoi dheireadh thug an siopadóir faoi deara a mbíodh de phlúr dhá tharraingt aici agus d'fhiafruigh sé dhi an raibh mórán sa teach léi. Dubhairt sise nach raibh ann ach í féin agus a mac. Thosuigh an siopadóir ag gáiridhe. "M'anam go bhfuil a ghoile go maith aige", adeir sé.
    Nuair a tháinic an mháthair abhaile d'innis sí an sgéal do'n mhac - an sunndas a thug an siopadóir di agus a raibh sí ag ceannacht de phlúr. "Dá bhrigh sin" ars an mháthair, "tá sé chomh maith agad do bheatha shaothrú feasta". "Ó muise" adeir an mac, "nach é an truaighe nár fhág tú annseo go ceann seacht mbliadhna eile mé". Agus shearraigh sé e féin agus chuir deireadh an chlibháin ó n-a chosa agus a thosach ó n-a chloigeann. Ar maidin lá'r na bháireach dubhairt sé go raibh sé ag dul ag tabhairt cúl do thír agus aghaidh ar fhairrge. Ba ghearr ar an bhfairrge dhó nó go bhfaca sé currach ag teacht agus iomradh triúr uirthi agus gan innti
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. Galway