Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Ballinafad, Co. Galway
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballinafad
- XML Leathanach 260
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An chéad bliadhain don droch shaoghal lobh na fatai uile go léir agus thánaic galar dubh ar na fataí ar fud na hÉireann.
Ní raibh áit ar bith in Éireann chomh donna le Connamara. Nuair a bhí na fataí uilig millte, ditheadar turnapí agus cabáiste chomh fada is mhair siad.
Ni raibh na daoine uilig chomh donna le chéile bhí neart ag cuid dos na daoine agus ní raibh blas ar bith ag cuid eile aca.
Bhí na bochta ag goideadh bídh oidhche agus ló ó na daoine a raibh sé aca.
Faoi dheire cailleadh na céadtaí daoine. Go leor de na fearaibh agus na mna a bhí láidir bhiodar ag goid gach uile rud a thánaic rompa ionnus go gcuirfidh go hoileán Spíce iad, már gheobhadhís a sháith le nithe ann agus muna ngoididís rud eicint ní chuirfhear ann iad.
Thánaic min buidhe agus éadach ó Shasana an dara bhliadhain don(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ballinafad, Co. Galway