School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 414
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá nó dhó in a dhiaidh sin sheas fear ar an gcosán rompa chun an tarbh do mharbhú. Mharbhuigh sé an chéad bheithidheach ag ceapadh gurbh é an tarbh a bhí ann, ach is amhlaidh gur mharbhuigh sé bó. Is ar an tarbh a bhí an t-áthas nuair nárbh é fein do mharbhuigheadh. Ní raibh an bhean sásta go bhfuigheadh sí píosa de'n tarbh, agus chuir sí an fear ag faire an dara lá, ach bhí an sgéal céadna aige is a bhí an chéad lá- bó a mharbhuigh sé.
Sa deire thiar thall, bhí an tarbh ag éirí sean, agus bhí fhios aige go marbhochaidh tarbh eile éó'n domhan thoir, luath nó mall. Ghlaoidh sé ar an mbuachaill lá, agus dubhairt leis nuair a bheadh sé beagnach marbh a chuid easnachaí a bhaint amach agus iad a chur ann féin agus go mbeaddh sé ar an bhfear is láidre ar an domhan. Cailleadh an tarbh breac tar éis an troda. Rinne an buachaill mar a dubhradh leis, agus níor sáruigheadh riamh é ar feadh a shaoghail bhí sé chomh tréan láidir sin.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway
- Informant
- Padraig Mac an Iomaire
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Address
- An Coillín, Co. Galway