School: Cloch na Rón (C) (roll number 15389)
- Location:
- Roundstone, Co. Galway
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch na Rón (C)
- XML Page 186
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)crith le h-eagla agus dubhairt sé go mbeadh faithíos air. Annsin d iarr an athair ar dara mhac ach fuair sé an freagar a fuair sé ón céad mac. Annsin d'iarr sé ar an triomhadh mac fanamhaint in aice uaigh a mháthar, dubhairt an buachaill go raibh sé sásta dul agus fóghnamh a thabairt ar an uaigh. Cuireadh an máthair an lá in dhiaidh sin agus an oidhche sin thug an buachaill a aghaidh ar an roilig agus claidhme fada aige.
Bhí an oidhche ana ciúin agus bhí réalta geala ag soillsiú ins an spéir, agus ní raibh aon rud ag briseadh isteach ar ciúinis na hoidhche ach glór bog na dtonn ag briseadh anuas ar an dtráigh. Bhí an buachaill bocht ag crith le heagla nuair a chonnaic sé uaigh a mháthar ag sollsiú leis an solas ón nghealaigh. Shiubhal sé isteach sa roiligh agus shuidh sé síos taobh istigh den ngeata agus an claidhmhe tarrainghthe aige. Bhí sé in a shuidhe annsin ar feadh tamaill agus anois is airís bhualadh a chroidhe le scannradh nuair a chloisfeadh scread éin nó aon torann bheag eile. San meadhon oidhche chuala an buachaill torann mór ins an loc taobh thíos de agus thar éis tamall chonnaic sé eascan mór fada ag sleamhnú isteach an geata. Tharraing sé an claidhmhe agus ghearr sé an ceann den eascan ach thuit cuid de fuil an eascan ar a ordóig, agus tharraing sé a scian amach agus gearr sé a ordóg uaidh. Rith sé abhaile annsin agus d'innis sé an scéal do a(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Chuimín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Mháille
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Address
- Ballinafad, Co. Galway