School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sul ar tháinig na tighearnaí talamhan siad na Flaithbheartaigh a bhí ós cionn na h-áite seo.
Bhíodh ar na daoine beithidhigh a íoc leo mar chíos. B'é Taidhg na buile an Ropaire ba mhó aca. Bhí caisleán aige 'san Áird Cárna Conamara, agus tá an Fothrach ann fós. Gach bliadhain bhíodh ar gach bean, cnoca ime a thabhairt chuige i n-aoinfheacht leis an gcíos nó mara dtiubhradh bhainfheadh sé na beithidhigh dhíobh.
Bhí baintreabhach bhocht 'na comhnaidhe ar Inis Leachan agus bhí aon mhac amháin aice. Nuair a bhí sé óg d'imthigh sé leis, agus ní raibh fhios aice cé ndeachaidh sé.
I gceann fiche bliadhain nó mar sin tháinig sé abhaile agus é i n-a mháirnéalach. Níor aithnigh a mháth-(continues on next page)