School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 248
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na luibheanna atá go dona ag an talamh an chupóg Ruadh, Crúba buidhe agus an Deosadán. Sé an díoghbhail a dhéanann siad, bochtuigheann siad an talamh agus millean siad an talamh. Is ar thalamh mhait a fhásann an Deosadán agus an chupóig Ruadh. Is ar thalamh bocht a fhásann an Neantóg agus na Crúba buidhe. Tá leigheas ag an Meacan Leoin ar láimh a bheadh leonta. Sé an caoi a gcuirteaar in úsáid é a chur le do láimh. Tá an fhiolún go maith le h-aghaidh Canncair. Leigheasann an teangaCapall dóghadh. Leigheasann buachaill an tíghe súile tinne. Tá deiligní air, agus bíonn súgh ann agus cuimiltear do'n tsúil é. Leigheasann lus na bhFranncach é. Sé an chaoi a gcuirtear in úsáid é, é a mheilt agus é a ghlanadh agus an súgh atá ann a fháisceadh, uisce a chur air agus é a ól. Dáthochadh neanntóga éadach acht bhéarfadh sé dath gránda air. Tá nimh insan Meacan Caorach, mar dhá n-íosfadh na caoirigh é chaillfidhe iad. Bhíodh daoine áithrídhe ag cur caoi ar luibheannaibh agus ag leigheas daoine leób. Bhí bean in Árainn ar a dtugtar; Nella an Tower". Bhí sí indon úsáid a dhéanamh de luibheannáibh le daoine a leigheas. Ba as Cillcinde an bhean sin.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Gender
- Male
- Address
- Fearann an Choirce, Co. Galway