School: An Bán Mór (roll number 9069)
- Location:
- Baunmore, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bán Mór
- XML Page 043
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air mar, tá poilín beag síos ins an talamh agus uisge ag teacht as.Tá páirc eile in Eochaill agus sé an t-ainm a tugtar air "Clais na gCoiníní" mar deirtear go mbíodh coiníní na tíre cruinnighthe ann i gclais a bhí ann.Tá páirc ann freisin agus "Sean Gró" a tugtar air mar bhí coill beag ann agus cruinnte gró a d'fás ann.Páirc an Cóiléar ainm atá ar gort eile i nGortadubha mar tá coiléar mór ann.Tá tobair inaice Leacht Seoírse dár a b'ainm "Tobar Clocha Breaca" mar tá go leór leacracha agus clocha breaca thart timhcheall an tobair. Tobar fíor uisge iseadh é."Tobar na Sgeiche" a tugtar ar tobair eile i Leacht Seóirse mar, tá sgeac beag ag fás ó a gcionn."Tobair Peadair" atá mar ainm ar an tobair atá ar áir gcuid talmhain féin sa mbaile mar ba le Peadair an guirt agus an tobar.Tá tobair eile i bPéic agus tugtar, "Poll an Gadaidhe" air mar bhí gadhaidhe annsin fadó agus bhíodh sé ag goid is ag robáil i gcómhnuidhe. Tá tobar eile in Eochaill agus, "Tobair na Leice" a tugtar air mar tá leac ar thaobh de.(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ghloinn
- Gender
- Female
- Address
- Gort an Dúigh, Co. Galway
- Informant
- Mícheal Mag Ghloinn
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Gort an Dúigh, Co. Galway