School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 338
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'innis sé di cé'n sórt duine a bhí ann agus chuir sí na mílte fáilte roimhe. Thug sí béilidh dhó agus rinne sí trí cháca bheaga agus dubhairt sí leis iad a thabhairt leis agus go dtiocfadh sé chuig trí theach. Ghabh isteach ins an gcéad teach agus sa dara teach aris agus ins an tríomhadh teach annsin. Chuir sí na trí cácaí isteach sa mála agus d'fhág sé slán agus beannacht aice agus d 'imthigh leis. Tháinig sé chuig an gcéad theach agus chuaidh sé isteach agus bhí bean istigh roimhe. Dubhairt sí leis go raibh a fear, sé sin an fathach ag teacht agus go mbarbhóchadh sé é. Tháinig an fathach isteach agus dubhairt sé leis a dhul ag troid leis. Bhí na trí chácaí faoí na ascaill aige agus sgaoil sé uaidh ceann aca. Rug an fathach ar an gcáca agus thosuigh sé dhá ithe. Nuair a bhí sé dhá ithe daithnigh sé gur b'é a uncail é agus thug sé isteach é agus(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway