Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 204
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann fadó.”
(ar lean ón leathanach roimhe)doras a thighe féin. "Agus fainic" ar seisean "a níosaidh tú é go ngabhfaidh tú abhaile". "Ní íosfad" adeir an fear aimsire.
Bhí go maith. Nuair a bhí na cácaí bácáilte chuaidh an feilméar agus a bhean siar sa seomra Rinne sé dhá leith in a lár do'n cháca agus chuir sé naoi nginí iseach [!] in a lár agus dhún sé ar a chéile é. Annsin chuir sé páipéar ar an gcáca seo agus níor chuir sé páipéar ar bith ar an gceann eile igcaoi is go mbeadh an ceann eile le nithe aige. Annsin thug sé trí cómhairlí dhó sul ar imthigh sé uaidh. Dubhairt sé leis gan aon oidhche a chaitheamh idteach a mbeadh sean fhear pósta ag mnaoi óig. Sin é an chéad cómhairle. "An dara cómhairle "é seo ar seisean. "Ar do bhealach abhaile tá aith-ghiorra mór ort agus ná gaibh an t-aithghiorra sin". "Agus an triomhadh comairle" ar seisean "nuair is mó a bhéas fearg ort, tosaigh ag caitheamh do phíopa." "Sin iad na cómhairlí" adeir sé "agus beannacht chugad".
D'imthigh sé leis annsin agus an dá cháca aige agus é go sásta leis féin. Nuair a bhí an oidhche ag tuitim chuaidh sé isteach idteach seanfhir agus d'iarr sé lóisdín na hoidhche air. "Fan" ar seisean "go dtagaidh mo bhean isteac". Faoi cheann tamaill tháinig an bhean isteach Bean an óg a bhí inntí. D'iarr an fear siubhal lóisdín na hoidhche ar an mnaoi óig. Dubhairt sí go dtiubharfadh acht nach raibh ann acht aon leabaidh amháin agus go mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway