School: Coill Maolacáin (roll number 12644)
- Location:
- Béal Átha na mBreac, Co. Galway
- Teacher: Anna M. Ní Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Maolacáin
- XML Page 315
- XML “Triúr Driothár”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr driathár ann fadó, sé an t-ainm a bhí ortha - Seán, Sáirgint agus Gárda. Bhí an triúr in a gcomhnaidhe i dteach beag ar mullach cnuic. Bhí naoí gadhair acú, trí ag gach duine. Ba é Gárda an céad fhéar d'éirigheadh gach maidin.
Lá amháin sheas sé sa doras agus chonnaic sé girrfhidhe sa gcruaich coirce. Lean sé fhéin agus a thrí mhada é. Chonnaic sé teach beag i ngar dhó, agus chonnaic sé a trí mhada ag dul isteach sa teach beag i ndiaidh an girrfhidhe agus chuaidh sé fhéin isteach.
D'éirigh sean bhean chuige agus bhí a sála dearg le fuil. "Féach adeir sí an bhail atá curtha ag do chuid mhada orm". "Ní hé mo chuid mhadai a rinne é" arsa an bhfear. D'iarr sí air an raibh a chuid mhadai drochmhúnta? "Tá" a deir sé. "Ceangail iad" ar sise. "Ní ceangaileócad" a deir sé, ceangail thú féin iad". Cheangail sí féin iad. "D'iarr sí dhó ar d'ith sé a bhreacfast ar maidin? Dubhairt sé "nár d'ith. Leag sí anuas pláta mairtfheóil. "Céárd tá ar an bhfeól seo" a deir sé "nuair nach féidir liom aon bhlas de ithe". Ní'l tada ar an bhfeóil ort féin atá(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Stancháird
- Gender
- Female
- Informant
- Lorcan Mac Cartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway