School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 352
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí bó aige. Chuaidh sé amach lá amháin ag bleaghadh na mbó agus ní raibh aon bainne aici. Lá ar na bhároch chuaidh sé amach arís agus chonnaic sé girrfiadh ag bleaghadh na mbó. Do chuaidh sé isteach h-aghaidh a ghunna acht nuair a tháinic sé amach arís bhí an girrfeadh imthighthe. Lá ar na bhárach chuaidh sé amach agus bhí an girrfiadh ann arís. Do chaith sé urchar leis, acht níor mharbhuigh sé é.
Lá ar na bhárach chuaidh sé amach. Do bhris sé réal agus do chuir sé isteach ins an urchar é i n-ionad an luaidh. Chonnaic sé an girrfiadh agus chaith sé urchar leis agus do bhris sé a chos. Lá sneachta do bhí ann agus do lean sé an fuil tríd an sneachta go dtí gur tháinic sé go teach beag. Chuaidh sé isteach agus chonnaic sé bean i na luighe ar leabaidh agus bhí a cos briste. Dubhairt sí leis nach mbeadh aon ádh go deo air.- Informant
- Máirtín Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Mhóinín Thiar, Co. Galway