Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fadó riamh so bhí Táiliúir a' maireachtaint ar an dTír i bParóiste Bhraonndan thiar theas.
Lá amháin tháinig bean isteach a triall air le paiste do chur ar bhríste a fir, agus tharrig sí púnt ime dho as a dhéanta. Do bhí an Táiliúir sásta, 's chur sé an paiste ar an mbríste.
Lá ar na mháireach bhí sé a dul go Corcaig agus ar a shlighe dho, do casadh ceardhta air, is chuaidh sé isteach ag féuchaint ar an ngabha ag obair. Do thaithin éirimíshe an ghabhann chómh mór san leis, agus an t-slíghe 'na gcuireadh sé chun oibre, gur iarr sé air Chaidheamh a dhéanamh do, go mbeadh na focail seo scríbhte ar a chliathán - 'Marbhú céad d'aon bhéim'. Do dhein an gabha an Claidheamh do, is d'imig sé air go Corcaig. Nuair tháinig sé go teórain na catharach do bhuail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bric
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80