School: Curraichín (C.) (roll number 15979)

Location:
Curraheen, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín Ní Chonchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 333

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0472, Page 333

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Curraichín (C.)
  2. XML Page 333
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Domhnall Ó Connaill 'na bhuachaill óg, bí fir iascaig ag iascaireacht amqach ó Chathair Saidhbhín agus do thuit ceann aca isteach san uisge agus bhí sé ag báthadh. Do chaith ceann eile aca crúca go dtí an áit ina raibh sé cun é do tharrac saor. Ach do tharraing sé amach a shúil. Do shábáileadh é. Annsan thug an fear a bhí istig san uisge an fear eile ós comhair an bhreithimh mar gheall ar a shúil do tharrac amach ach níor thug an breitheamh aon breitheamhntas ar an gceist an cued lá. Um tráthnóna bí an dá bhreitheamh ag siubhal ar an mbóthar agus bhíodar ag cainnt mar geall ar an gcúirt. Do chualaidh Domhnall Ó Connaill iad agus d'fiafruig sé díobh cad a bhí ag deunamh trioblóide díobh. D'inniseadar an sgeul do Dhomhnall. "Is é an slighe a réidhtig sibh é sin" arsa Domhnall "ná an fear a tógaint amach ins an mbád go dtí an áit ar a thuit sé amach agus é do chaitheamh isteach san uisge agus má bheidh sá ábalta snámh, pionós a chur ar an bhfear a thóg amach a shúil, agus mara mbeadh sé ábalta snámh an príosúnach do scaoileadh saor." Do dheineadar é sin agus ní raibh sé ábalta snámh agus do leigeadar saor é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Daniel O'Connell (~175)
    Folktales index
    AT0155: The Ungrateful Serpent Returned to Captivity
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Curráin
    Gender
    Female
    Address
    Reennanallagane, Co. Kerry