Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 460
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biadh na Sean-aimsireAinm an Aithriseóra: Seán Uí Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.Biodh trí béilí ag na sean daoinibh sa ló agus d'idthidís prátaí i gcóir na trí béilí. Ní bhíodh aon nídh acu leó ach bainne agus gráinne salann.
Na buachaillí a bhíodh ag obair ag na feirimeóiribh thosnuighidís ag obair ar a sé a clog ar maidin agus ní faighidís aon breicfeast go dtí a naoi.
Tarrainghidís an bórd amach ó'n bhfalla i gcóir na mbéilí i lár an úrláir.
Deinidís arán buidhe le min buidhe agus bíodh sé sin 'san t-Samhradh acu nuair na bhíodh prátaí acu.
Deinidís cosamhail le arán bán é ach in-ead bainne géir do cur ins cuiridís uisge beirbhthe innte agus bácáilidís i ngriodal é.
Deinidís ceithre páirteanna de'n císte sar a gcuiridís san nrgriodal é.
Thóghaidís anuas é agus nuair a bhídís gá n-ithe thugaidís cearnóg do gach duine sa tig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Curraheen, Co. Kerry