Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ardfield, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Seán an Bhuille Mhóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán a' Bhuille Mhóir
    Bhí fear ar thua na Cinn t-Sáile go raibh thoirt mór ann agus é chómh láidir le capall. Ní raibh aon fhear i n-aon áird a bhfeadfadh an barraidheacht d'fhagháil air i gcleas lútha ar bith. Tháinig gaiscídheach go Sasana gur mhór aige é féinig is a chuid cleasuideachta agus do chuir sé a dhubhshlán fé aon fhear san tír sin é a'throid le claidheamh.
    D'airigh muintear Shasana go raibh amhlachas Sheáin i gCionn t-Sáile agus do chuir a lucht ceannais iarriadh air agus do chuaidh anonn. D'fhiafruigh a'rí de a dtroidfeadh sé a'fear san. "Troidfead" arsa Seán "má faghaim spás". "ahus cad tá uait?" arsan rí. "Ó tá sin" arsa Seán "Caithfir me chothú feadh bliadhna. Caithfir mairt trí bhliain a thabhairt dom, arán trí threabhadh, agus lionn seacht mbliadhain." o tugadh do íad agus do bhí Seán tréan go leór i gceann na bliadhna.
    D'orduigh sé do'n rí annsan mar a rabhadar chun troidte roillseach a chur tímcheall air, troig cearnógach d'aiste adhmaid agus barra iarainn rithe trí na lár trí órdlaigh ar reimhdeas. Do dheineadh é sin agus seachtmhain sar adtáinig lá a' chomraic do rug a'rí Seán dá armáil chun go dtoghfadh sé claidheamh ach fé mar a bhearfadh sé ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    AT2400: The Ground is Measured with a Horse's Skin (ox‑hide)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Donnabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Seoladh
    Bealacoosheen Cove, Co. Cork