School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 059
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh sagart go dtí stathúin maidean fhuar earraig shneachtaig. Bhí gach aoinne a thaghadh isteach fuar agus sneachta ortha. Bhí teine bhreágh sa tigh agus bhí Eoghann Ruadh 'na shuídhe ar chathaoir ós a cómhair amach agus ní leigfheadh sé d'aoinne dul go dtí an dteine. Bhí an sagart ag eisteacht faoisdine agus tugadh sé srath-fhéachaint anonn ar Eóghan anois is arís Fé dheire labhair sé is dúbhairt, "Eirigh as san a bhacaig is leig dos na daoinibh fuara dul go dtí an dteine. D'eirig Eóghan annsan do shuig sé ar charn beag móna a bhí thiar ag bun an tíghe. Chuaidh an sagart ag léigh Aifrinn ach má dhein níor tháinig Eoghan ar a ghluainibh in aon chor. "Cad na thaobh ná tagann tú ar do ghluinibh a bhacaig arsan sagart leis. D'eirig Eóghan le linn na bhfocal san a cloisint 'na choilig sheasamh is dúbhairt go feargach.
    "Ní hé an t-ainghise ba mheasa liom bheith síos go deó,
    Ach an tancuisne[?] a leanann í thar [?],
    Má tá an t-athair mór na h-eaglaise níl brígh 'nár gnó,
    Is ní fearra dhúinn an t-Aifreann ná suidhe ar an mhóin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Céilleachair
    Gender
    Male
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork