Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 087

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 087

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 087
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear an uair amháin agus bhí sé pósta le bean darb ainm di Siobháinín. Théigeadh an fear amac gach lá ag obair agus nuair a thagadh sé abhaile um tráthnóna bíodh sé ag cnáimhseáil leis an bean toisc na bheadh pioc deanta aici. Maidin amháin nuair a bhí sé ag cnáimhseáil dubhairt a bhean leis go raghadh sí fein amac ag obair agus gcaithfeadh sé féin fanamhaint istig agus obair an tíghe do dheanamh, sé an obair a thug sí do ná biadh a thabhairt do'n leanbh a bhí sa clíabhán, aire a thabhairt do'n cearc dubh, an cuigean do dheanamh, agus deoc a thabhairt do'n bhó agus i do leigint amac annsan. Dubhairt sé go ndeanfeadh sé an méid sin agus alán rudaí eile. Cuaidh an bhean amac ag obair annsan agus do thosnuig an fear ag deanamh obair an tíghe. Ar dtúis do cuir sé an uactar isteac sa cuigean agus bhí sé cun é do dheinamh nuair a cuimhnig sé ar an mbuin agus cuir sé an cuigean ar a dhrom mar bhí eagla air go dtuiteadh an leanbh isteach san cuigean an fhaid is a bheadh sé amuich.
    Cuaidh sé go dtí an tobar agus do chrom sé síos cun an t-uisce d'fághail ach má dhein do thuit an cuigean isteach sa tobair agus do dhoirtig an uactar go léir.
    Nuair a tháinig an tráthnóna do thosnnuig sé cun
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1408: The Man who Does his Wife's Work
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Ní Mhuimhneacáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork