Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)

Suíomh:
Castletownroche, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Ó Luineacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
  2. XML Leathanach 078
  3. XML “Teistiméireacht Eoghain Ruaidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i gCiarraidhe in aimsir Eóghain Ruaidh. Spriúnlóir críochnuighthe do b'eadh é, agus do pósadh é le mnaoi caoin cneasta. Níor réidhtigeadar le chéile in aon chor, mar 'sé rud a déarfadh an fear i gcómhnuidhe ná go raibh sí ag ithe an iomarea. Uaireanta do bhuaileadh sé í le bata trom, agus i ndeire na dála d'imthigh sí ar Shlighe na Fírinne, mar bhí a croidhe briste.
    Do pósadh an ath-uair é agus do b'é an sgeal ceudna é. Níor mhair sí ró fhada mar bhíodh sé i gcomnuidhe ag aighneas agus ag aragóint.
    Nuair a bhí sé le pósadh an thríomhadh uair dubhairt an sagart paróiste leis go gcaithfeadh sé teistiméaracht d'fághail ó athracha na mban sar a dtabharfadh sé aon bhean eile dó.
    Bhí fhios ag an spriúnlóir cad do bhí in ann dó ní raibh aon deagh fhocal ag na fearaibh dó, agus bhí sé i gcruadh cás. Ní raibh fhios aige cad ba cheart dó a dhéanamh. Lá amháin do bhuail Eóghan Ruadh leis. Do nocht sé an sgéal dó. Arsa Eoghan leis:- "Scríobhfad-sa an teistiméaracht duit ar aon chiongíoll amháin." "Cad é féin" arsa Risteárd, an fear. "Mhuise ní mór é an coingeall - piúnt uisce beatha a thabhairt dom." Níor thaithn san leis an spriúnlóir, agus dubhairt sé na féadfadh sé é. Ní dubhairt Eoghan Ruadh 'seadh na ní h-eadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Owen Roe O'Neill (~14)
    Teanga
    Gaeilge