Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. Clare
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Seo Scéal Eile”
  4. XML “Ag Cur Bail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (pisreóg, deirtear nuair a bheadh an sagart ag cur na fáinne ar méar na mná dá dtuitfeadh sí gheóbhadh duine achu bás sar i bhfad)

    An áit a théigheann duine téigheann beirt.
    An áit a théigheann Nóra téigheann mise. Tá (go) maith arsan tsagart dein é sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cead bliadhain ó shoin ní chuirtí na (?) cor ar bith, Aon cuir (?) a ndeintí, agus bhí sé fairsing go maith, is ar an gcré ndearg a ndeintí é. San am sin ni raibh céact na eolas céáchta ag na sglabuidhte agus b'eigean doibh an obair go leir a dheunamh le spáid agus uirlisí mar é. Is cosamhail go raibheadar aineolach i dtaobh leasú freisin, agus is amhlaidh a bhaineadar na sgráith as an ait cuir agus (?) ar an slighe ceudhna iad a triomúigeadar an mhóin anois. Dhóigeadar na sgráth annsin agus scaipeadar an (?) a (?) ar an dtalamh agus breis leasú ní fhuair sé acht sin. Is cosamhail go raibh sé tortamhail, mar fuaireadar as an dóiteán san dhá bharr, prataí ar dtuis agus arbhar na ndiadh.
    Bhí ar gach fhear, (?) a nochtú ga c lá agus ní raibh acú de cothú (?) acht "Roasters," bainne reamhair, agus uibheacha. Níor dhioladar pioc os an bfeirm, d'ítheadar an biad go leir. Do mheilleadar an t-arbhar le bró agus dheineadar arán cruitneachta as. Bhí leac ar an dteinteán d'aon gnó chun
    aráin do bhacháil, go coitceanta is istigh fé an teinne bhí an leach seo, agus nuair a bíod arán le bacháil, cuirtí an teinne ar leat-thaobh agus fagtí an ciste anuas ar an lich.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge