School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 339

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 339

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 339
  3. XML “An Fear Déirce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann timpall triochadh bliadain ó shoin. Bhí sé 'na chómhnuidhe i mbotháinín beag ar thaobh an bhóthair. Bhí sé ana bhocht. Théigheadh sé amach i rith an lae ad' iarraidh déirce agus do thagadh sé thar-n-ais istoidhche chun an bhotháinín. An lá so do chuaidh sé amach mar ba ghnáth agus tar-éis alán siubhlóide dho fuair sé gráinne coirce.
    Chuaidh sé isteach i dtig agus dubhairt sé le muinntir an tíghe go bhfágfadh sé an gráinne coirce aca go dtí an tráthnóna agus go nglaodhfadh sé ar ais 'á iarraidh airís agus d'imthigh sé leis.
    Nuair abhí sé imthighthe tamaillín do tháinig cearc isteach agus d'ith sí an gráinne coirce. Um thráthnóna nuair a tháinig an fear thar-n-ais chun an tíghe d'innseadar do gur ith an cearc an gráinne dubhairt sé "Is liom-sa an cearc anois" ar seisean agus fearg air. B'éigin dóibh í a thabhairt do nuair a chonnacadar an fhearg air. Chuaidh sé abhaile go dtí an bothán leis an gcearc agus áthas an domhain air.
    An tarna lá do chuaidh sé amach agus do fuair sé gráinne mine ó feirmeoir. Chuaidh sé isteach i dtig agus dubhairt sé leo go bhfágfadh sé an gráinne mine ansan go dtí an tráthnóna agus go dtiocfadh sé 'á iarraidh um thráthnóna, agus d'imthig sé.
    Ar ball do tháinig gé isteach agus d'ith sí an gráinne mine. Nuair a tháinig an fear thar-n-ais chun an tíghe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1655: The Profitable Exchange
    Language
    Irish