Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fothram agus a’ tóir go léir tamall thar ar cailleadh
    í. "Cuireann suin i n-úmhail díbh," ar seisean,
    "go bráth má chloiseann sibh aon tóir d’á
    leithéid do bhfuil rud éigin lé tuitim amach agus
    bídh beartuighte," ar seisean, "arís," ar seisean, "má chloiseann
    sibh aonní mar sin agus tá gach aon
    seans," ar seisean, "go saorfaimíd an t-é bheidh
    aca ’á bhreith leótha." Do bhí sé seo mar
    scial fíor fé mar a chuala-sa, agus ’sé an
    duine a ’nis dómh-sa é seo mar scial, Gobnait
    Moriarty ó’n Rínn Ruaidh. Siné mo
    scial-sa agus má tá briag ann bíodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.