Imleabhar: CBÉ 0352

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0178

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0352, Leathanach 0178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. 1.
    Is duit-se Nansaí thug me fancy,.
    Mar bhí tusa ceansamhail caoidheamhail cóir,
    Níorbh’ fhuda liomh a’ t-am a mbéinn ’s tú cainnt,
    'S mo dhá lámh teannta tharad aniar,
    In-aimsear cleamhnais na bhí clampar,
    Guidh le d’annsacht ag iarraidh spré,
    Acht cead síneadh síos le do chom géal mín
    Agus focal cainnte lamh-airt (labhairt) léi.
    2.
    Bíom go brónach ’acha’n Domhnach,
    Ní fhuil mo stór acht seal domh i ndán,
    'S ní fhuil aon bhrón da gcuirínn clódh air,
    Nach siud dhá bhrón ’s fiche i n-áit,
    Ar mhéad mo bhrón rinneadh ceo domh,
    Ní bhéidh mé beo acht seal beag gearr,
    D’imthigh ’n chortas as mo stór - sa,
    Nansaí Óg Ní Obarlain.
    3.
    Bhí mí lá gabhail go Gort a’ Choirce,
    'Gus bhí mo bheairtín stocaí liom,
    Cé thárluigh orm anns a’ ród
    Acht Nansaí Óg Ní Obarlain,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir